This reading is from Lá, 22 Iúil 1993. Some facts about work.
Má chuirtear obair tí san áireamh oibríonn mná uaireanta níos faide ná fir gach áit ar domhan ach amháin i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil. Tá na huaireanta oibre le fáil san Afraic agus san Áise, le breis is deich n-uair de dhifear ann.
Bíonn (1) na milliúin de pháistí an domhain ag obair go saor--gan ceardchumainn, gan cead gearáin. San Áise, mar shampla, tuairim is 11% den lucht oibre is páistí iad. Sa Bhrasail, áit a bhfuil pobal de 55 milliún páistí, tá seacht milliún acu ag obair. San Eoraip féin tá na milliúin páiste ag obair ar fheirmeacha agus i monarchana. San Áise tá roinnt milliún ag obair mar sclábhaithe.
Tá an obair a dhéantar sa domhan roinnte i dtrí chuid: talmhaíocht, tionscal agus serbhísí. Tá beagnach leathchuid de oibrithe an domhain (48.5%) ag dul don (2) talmhaíocht, ag cur bia ar fáil;(3) tá 16.3% acu i dtionscal; agus tá 35.2% i serbhísí. Sna tíortha neamhfhorbartha is mó atá an talmhaíocht: 60.9% os choinne 11% sna tíortha 'tionsclaíochta.' D'ainneoin ainm na tionsclaíocht bheith orthu sin is le seirbhísí is mó atá siad: 62.1%. (4)
Ar an drochuair is beag baint idir saothrú agus maoin: faigheann an 20% is saibhre de phobal (5) an domhain 82.7% den ioncam bhliantúil. Agus tá an bhearna sin ag dul i méid, le lucht an airgid ag éirí níos saibre agus na bochtáin ag éirí níos boichte--i 1969 is 70.2% d'ioncam bhliantúil an domhain a fuair an 20% a ba shaibhre--tá sin i ndiaidh méadú (6) dhá phointe déag faoin chéad. (7)
(1) Habitual present of tá "The millions of children of the world regularly work for free."
(2) "ag dul don" idiomatically as in English, "Almost half of the labor of the world is going towards agriculture."
(3) literally "putting food on getting" i.e. making it possible to obtain food.
(4) translate: "In spite of the name of industrial which those (nations) have, it is services that are larger: 62.1%."
(5) "The richest 20% of the people"
(6) literally "this is after increasing" i.e. "this has increased"
(7) "twelve percent"